School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 461

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 461

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 461
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na tighthe a bhíodh ag na daoine fadó bhídís an-bheag agus an-bhocht. Sé an saghas ceann a bhí ortha ná ceann tuighe, agus corr-ceann eile bhíodh ceann tuighe agus ceann slinne ortha. Chuirtí cíb agus fraoch ortha freisin agus bhíodh sé sin an-daingean agus sheasadh sé ar feadh ráithe nó mar sin gan tuitim. Bhíodh leapacha ins an gcistin ins na tighthe fadó. Sé an áit a mbíodh siad i dteannta an bhalla.
    Bhíodh seomra eile ins na tighthe agus sé ant-ainm a ghlaodhach na daoine air ná cailleach agus chodluigheadh cuid de mhuinntir an tighe annsin.Bhíodh an teinteán sa gcúinne ag an gcuid is mó de na daoine agus bhíodh sí i lár an urláir ag an gcuid eile. Ní bhíodh ach aon doras amháin ins na tighthe fadó agus sé an saghas comhla a bhíodh aca chun an doras a dhúnadh ná sean-chomhla adhmaid agus go minic bhíodh dhá chliabh sa doras aca. Ní bhíodh ar na tighthe sin ach aon fhuinneog amháin agus clocha a bhíodh ionta sar a gcuirtí gloine ionnta. Bhíodh leath-dhoras i ngach tigh an uair sin. Is gual a bhíodh ag na daoine chun teine mar théigheadh carr thar timcheall leis agus thugadh sé do na daoine é. Sin a bhí mar theine aca nó go dtainig an mhóin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Address
    An Coillín, Co. Galway