School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 460

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 460

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 460
  3. XML “Rudaí go mBíonn Meas orthu”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar éigin a bhfuil tigh i n-Éirinn nach bhfuil rud éicint crochta ann i n-onóir do naoimh agus d'fhéilí. Cuirtear a lán croiseanna i n-airde ar na frathacha lá Fheile Pádraig agus freisin lá Fhéile Bríghde. Dheintí na croiseanna le dhá phíosa adhmad treasna ar a chéile agus corr-uair le dhá shlat treasna ar a chéile. Dheintí iad sin i n-onóir do lá 'le Pádraig agus lá ' le Bríghde. Thugadh na páistí scuaibeanna beannuighthe a d'fhaghaidíd amuigh ins na páirceanna lá Fhéile Bríghde isteach ins na tighthe agus chrochaidís ins an teach iad agus bhídís an-deas, os cionn na bpictiúirí beannuighthe.
    Deirtear gurb í Naomh Bríghid, Naomh Pádraig, agus Naomh Colmcille pátrúin na hÉireann agus deintear al án rudaí i n-onóir dóibh. Dubhairt cuid de na daoine gur maith an rud rudaí as an gcladach a thabhairt isteach lá Fhéile Bríghide. Tá go leor toibreacha beannuighthe ins an bparóiste ag baint leo, agus tugtar a lán turasanna go dtí iad go minic. Thugadh na daoine a lán luibheanna isteach mar cuileann faoi Nollaig, bláthanna sa Samhradh agus mar sin de agus tugtar an Fhailm Bheannuighthe isteach Domhnach na Failme, agus uisge coisreacan Domhnach na Cingíse. Tugtar a lán rudaí eile isteach mar sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. accessories (~307)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Address
    An Coillín, Co. Galway