School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 458
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí go leor cait annseo i n-Éirinn darbh ainm Cat an Clamhsán, Cat na luatha buidhe, Sgrathaidhe an Teallaigh, Seabh, Meabh, agus Coinneall Rí na gcat. Shuidheadar síos ag an teine aon tráthnóna amháin agus dubhairt ceann aca leis an gceann eile, scéal a innseacht. Ní innseóchaidh Cat an Chlamhsán aon sgéal. Ní innseóchaidh Cat na luatha buidhe aon sgéal, ní innseóchaidh Sgrataidhe an Teallaigh aon sgéal, ní innseóchaidh Meabh aon sgéal, ní innseóchaidh Seabh aon sgéal, ní innseóchaidh Coinneall Rí na gcat aon sgéal. 'Innseóchaidh mé féin sgéal' arsa Cat an Chlamhsán.
Bhí mé thíos i dtigh an rí indiu agus tar eis mé a bheith sgathamh istigh leim mé suas ar an driosúr agus d'ól mé deoch as cupán a mbíodh inghean an rí ag ól bainne as. Tháinig inghean an rí orm leis an sguab a bhí aici tar éis a bheith ag sguabadh an urláir agus bhuail sí san druim mé agus is beag nár mharbhuigh sí mé. Rith mé amach agus nuair a fuair mé inghean an rí imighthe d'éaluigh mé isteach ar an driosúr arís agus bhí mé an-chumhal agus nuair a bhí mé ag ól blogam as an gcuinneog agus sgaoil mé trí ribe as mo chuid féasóg isteach sa gcuinneog agus rith mé amach le m'anam. Ní íosfaidh sí aon ghreim go deo nó go mbéarfaidh sí trí cinn de chait óga agus go bhfuighidh sí trí bhraon as an bpoitín seo atá ar an bhfuinneog agam-sa. Bhí fear i bhfolach faoi dhabhach Coinneall Rí na gCat san am céadna agus(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Address
- An Coillín, Co. Galway