School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 457

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 457

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 457
  3. XML “Scéal - Dochtúir Ó Laoidhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó darbh ainm an Dochtúir Ó Laoidhe agus lá amháin tharla gur casadh in aice na fairrge é. Bhí beirt fhear ag an fhairrge roimhe agus bhí siad ar tí a dhul amach ag iasgach. D'fhiafruigh sé díobh an dtiubhraidís amach ag iasgach i n-éinfeacht leo é agus dubhradar go dtabharfadh agus fáilte. Nuair a bhíodar sgathamh amach bhí an dochtúir ag dhul aglasadh a phíopa agus dubhairt duine de na fir leis 'An bhfeiceann tú an réimh talmhana sin má lasann tú an cipín beidh sé sin in a fhairrge'. Bhíodar dhá cheistniú agus cheapadar go mba fhear an-chliste a bhí ann.
    Sa deire d'fhiafruigheadar de cérbh fhearr leis céird nó alláin agus dubhairt seisean gur bfhearr leis alláin. Thugadar leabhar dhó agus dubhradar leis gan í a oscailt go ceann seacht mbliana agus go mbeadh sé 'na dhochtúir iongantach mara n-osclóchadh sé í. Ach níor choinnigh an dochtúir a gheallamhaint mar d'oscail sé an leabhar faoi cheann dhá bhliain agus ní raibh sé inann a ceathrú cuid a léigheamh, ach mara raibh féin deirtear nach dtiocfaidh aon dochtúir go deo go h-Éirinn a bhéas chomh maith leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Address
    An Coillín, Co. Galway