School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 456

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 456

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 456
  3. XML “Scéal - An Fia Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí i n-Éirinn fadó agus bhí aon inghean amháin aige. Bhí fear ag iarraidh na h-inghine air agus faoi cheann sgathaimh dubhairt an rí dá dtagadh sé 'na tighe níos mó go gcaithfeadh sé féin leis an ngunna é. Nuair a bhí an fear sgathamh maith fanta amach as teach an rí chuimhnigh sé ar sheift. Chuaidh sé go dtí gabha agus dubhairt sé leis fiadh óir a dhéanamh agus doras fhágáil ar a thaobh. Nuair a bhí an fiadh óir déanta ag an ngabha thosuigh an fear ag imtheacht timcheall tigh an rí agus é féin istigh ann. Lá amháin chonnaic inghean an rí an fiadh agus dubhairt sí le 'na h-athair nach mbeadh sí féin beo go mbeadh an fiadh aice féin.
    Dubhairt an t-athair go gceannóchadh sé é agus thug sé cúig chéad punt air. Lá amháin chuaidh a inghean isteach ann agus bhí an fear freisin istigh ann agus é i bhfolach. An oidhche sin nuair a tháinig inghean an rí abhaile chroch sí an fiadh ar an mballa agus d'fhan an fear istigh ann. Faoi cheann sgathaimh maith annsin d'imthigh an fiadh agus d'innis an bhean go raibh fear istigh ann agus nach raibh sé sásta an faidh a thabhairt di féin gan í a phósadh. 'Tá go maith' a deir an rí 'féadfaidh tú'. D'imthigh sí annsin agus d'innis sí don fhear é agus bhí an fear an-tsásta í do phósadh agus nuair a cailleadh an rí bhí an ríoghacht aca-san agus chaitheadar an saoghal go h-an sona.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0854: The Golden Ram
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway