School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 454

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 454

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 454
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Casadh beirt fhear dhá chéile lá amháin agus d'fhiafruigheadar dá chéile cé aca bfhearr an fhírinne nó an bhréag. Dubhairt fear aca go bfhearr an fhírinne agus dubhairt an fear eile go bfhearr an bhréag. Faoi cheann sgataimh eile casadh fear eile dhóibh agus d'fhiafruigheadar de cé ab fhearr an fhírinne nó an bhreag agus dubhaairt seisean go bfhearr an fhírinne. Faoi cheann sgataimh eile casadh bean dóibh agus rugadar uirtho agus thugadar isteach ins an teach í agus dubhairt siad go bhfáfaidís istigh í nó go ngabhfadh an fear an bóthar a d'innseóchadh dóibh cé aca a phósfadh í. Ba ghearr an t-achar go bhfaca siad fear ag teacht an bóthar agus dubhradar leis a theacht isteach go bhfeicfidís cé aca a mbeadh an bhean aige.
    D'fhiafruigh sé den chéad mhac cé an aois a bhí sé agus dubhairt sé'chuir mé soitheach as na hIndiacha lán de phíopaí cailc agus tá chuile ceann aca caithte agam ach an ceann atá i mo bhéal'. D'fhiafruigh sé den dara mac cé an aois a bhí sé agus dubhairt sé 'chuir mé soitheach as Sasana lán le ráisiúirí agus tá chuile ceann aca caithte agam ach an t-aon sean-cheann atá agam do mo bhearradh féin léithe. D'fhiafruigh sé den tríomhadh mac cé an aois a bhí sé agus dubhairt sé 'chuir mé soitheach as Albain lán le snáithidí agus níor chaill mé ceann agus níor dhiol mé ceann agus tá chuile ceann caithte agam ach an ceann atá ag fuagháil mo bhríste.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    AT1950: The Three Lazy Ones
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway