School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 451
- XML “Peil agus Iomáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Imrightear a lán cluiche peile mór-thimcheall mo cheanntair gach Domhnach agus lá saoire beagnach. Domhnach amháin bhí an cluiche dhá imirt idir Clochán agus Cárna. Bhí cúig fhear déag ar gach taobh. Sé an sáirsint a bhí mar captaoin agus corr-uair an sagart. Siad na fir a bfhearr a toghadh. Is i bpáirc mhór leathan a h-imrigheadh an cluiche peile. Ba iad imirteoirí Chárna na h-imirteoirí a bfhearr agus is aca a bhí an lá. Bhíodh cuid eile de na fir ag imirt i gcoinnibh a chéile ag iarraidh an liathróid a chur ó bhaile go baile agus mar sin de. Is iomdha sin spraoidh agus caitheamh aimsire a bhíonns ag na buachaillí agus ag na fir.
Bíonn cruinniú mór i gCárna an lá sin idir fir agus mná ag faire ar na himirteoirí féachaint cé aca is fearr. Duine ar bith a bhíonn ag iarraidh a dhul isteach sa pháirc an lá sin caithfidh sé sé pingine nó scilling a íoc. Ní théigheann mórán isteach ins an bpáirc mar gheall air sin ach amháin na daoine saidhbhre a bhfuil cuimse airgid aca. Bhíodh imirteoirí an Chlocháin gléasta dearg agus imirteoirí Chárna gléasta gorm, brístí gearra bána ar an dá dream agus na casógaí gorma agus dearg os a gcionn sin. Bhiodh an liathróid go han mhór. Imrigheann na daoine a lán cluichí fa'n aer ag caitheamh an úird agus ag bualadh liathróid láimhe.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway