School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 442

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 442

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 442
  3. XML “Diarmuid agus Gráinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt fhear i gCiarraighe Donn agus Siúrtán agus ní raibh aon bheirt fhear sa domhan ba mhó a raibh draoidheacht aca ná iad. Chuir Donn agus Siúrtán a mbeirt mhac go dtí draoidheadóir le foghluim, mar bhí an draoidheadóir seo an-láidir agus draoidheacht mór aige. Nuair a bhíodar sgathamh aige tháinig Fianna Éireann ar cuairt ins an teach a raibh an bheirt ghasúr ann agus bhí dinnéar mór ann, agus de réir mar bhíodar ag caitheamh an dinnéir bhíodar ag caitheadh na geamhanna amach ar an urlár chuig na cúnna. Nuair a bhí an dinnéar thart chuaidh chuile dhuine amach ach Donn, athair duine de na gasúir. Tháinig gasúr Shiúrtáin go dtí é agus chuir Donn idir a dhá ghlúin é agus d'fhág sé idir a lámha agus a ghlúine é gur mharbhuigh sé é. Chaith sé isteach é idir na cnámhanna san ait a raibh na gasúir ag piocadh na feola. Nuair a tháinig Siúrtán isteach bhí an-fhearg air nuair a chonnaic sé a mhac marbh.
    Annsin bhreathnuigh sé ins an chuile áit agus thóg sé suas é agus dubhairt sé nach iad na gadhair a mharbhuigh é. Thosaigh sé ag troid agus dubhairt sé gur duine éicint sa teach a mharbhuigh é. Bhí an argóint chomh mór go mb'éigean d'Fhionn a ordóg a chur ina bhéal ag dul dá cangailt féachaint an gadhar nó duine a mharbhuigh é. Fuair Fionn amach gurbh é Donn a mharbhuigh é agus dubhairt Fionn le Siúrtán sásamh a bhaint amach mar gheall a mhac a bhaith marbh. Dubhairt Siúrtán annsin nach dtiubhradh sé a mhc ar ór ná ar airgead ach an méid atá mé inann a dhéanamh déanfaidh mé é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway