School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 439

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 439

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 439
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Arán
    Sé an saghas aráin a bhíodh ag na daoine sa tsean-aimsir ná arán déanta de mhinchoirce agus bhíodh sé an-deas agus thaoinigheadh sé le gach duine mar bhíodh sé an-fholláin. Mheileadh na daoine féin an gráinne sa bhaile gach uair a bhíodh plúr aca agus is le bróinte a dheinidís é. Níl aon bhró dhá úsáid san áit in aon chor anois mar tá plúr cruithneachtan le fághail anois agus níl aon ghádh leo. Dheintí arán de phrátaí go minic agus do bocstí agus bhíodh sé an-deas. Do mheascadh na daoine cúpla glaic plúir le slám fataí agus bhruighidís annsin iad agus dheinidís cáca deas dhe.
    Bíonn na daoine ag déanamh cácaí bocstí agus cácaí fataí fós agus bruitheann siad é ins an oigheann agus corr-uair ar an ngreidill. Chuirtí seastán iarainn faoi an ngreidill agus chuirtí an oiread teine fúithe agus a bhácáladh an cáca agus annsin nuair a bhíonn an cáca bruithte leagtaí ar feadh cúpla uair a chloig ag fuarú é. An t-arán a bhíonns ag na daoine anoisis de phlúr cruithneachtan a bhíonn sé déanta agus anois is arís bíonn cácaí fataí agus bocstí aca. Deineann na daoine cácaí milse freisin amanna áirid agus cuireann siad marcanna deas ortha go mór- mór faoin Nodlaig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway