School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High
An Clochar i gCárna | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 437

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Bíonn brat mór uirri, agus déanann a lán daoine iarracht ar an mbrat sin do sgiobadh uaithi, ach teipeann orra i gcómhnaidhe.

Sa mbaile imrigheann mé a lan cluichí cuir i gcás innsint sgéalta cois na teine gach tráthnóna Geimhridh agus muid go léir cruinnithe le chéile idir sean agus óg. Innsigheann muid sgéalta faoi na Fianna agus bíonn an-spraoidh againn:- Cluiche eile a imrigheann muid is eadh ag dul i bhfolach ar a chéile agus bíonn muid ag imtheacht suas ins na seomraí agus amach ar na sráideanna. Sa Samhradh ag piocadh fraochóga agus is álainn iad le n-ithe. Agus sa bhfóghmhar ag piocadh cnó agus sméara agus cuireann muid a lán siúcra ortha agus bíonn siad an-deas agus milis. Sa nGeimhreadh ag breith ar éin i gcliabháin agus freisin ag cur ciseog amuigh ins na páirceanna chun breith ar na héin agus is iomdha spraoidh a bhíonn againn. Imrigheann muid thart timcheall ag an scoil 'Bail ó Dhia ar na bulláin' agus 'Dáréag fear

(continues on next page)
Collector
Nóra Nic an Iomaire
Gender
female
Age
14
Address
Cuilleen, Co. Galway
Language
Irish