School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 436

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 436

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 436
  3. XML “Leipreacháin agus Murúcha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an t-ainm atá ag muinntir na h-áite seo ar an leipreachán ná lutharagán. Deireann lucht an tseanchais gur feairín beag é agus gan aon aoirde mór ann. Deirtear go mbíonn sé gléasta le bríste dearg agus go gcómhnuigheann sé in áit uaigneach. Sé an obair a bhíonn ar siúl aige de ghnáth ná ag gréasuidheacht agus ag déanamh cuimse bróg do na daoine maithe. Saghas sidheog é agus dá bhfeiceadh duine é agus annsin iompódh thart ní bhfuigheadh sé amharc arís air, mar bíonn sé imthighthe le h-iompodh do bhoise.
    Deireann na sean-daoine go bhfuil sparán ag an leipreachán agus é lán d'airgead i gcómhnaidhe. Dá n-éirigheadh le duine an sparán seo d'fhághail bheadh scilling ann gach uair a d'osclochadh sé é, agus bheadh an duine sin saidhbhear go deo.
    Bhí bean agus fear amuigh lá amháin ar thóir an leipreacháin . Lá Bealtaine a bhí ann, mar sin an lá is coitiannta a bhíonn sé le feiceáil. rug siad air i measg na sléibhte agus dubhairt siad leis, 'Is fada an lá ar do thóir muid, ach tá tú againn sa deire'. Chroch siad leo é agus sé an áit a chuir siad é ná isteach i gcófra faoi ghlas. D'fhág siad ann é ar feadh seachtmhaine. Scaoil siad amach annsin é, ach is beag nach raibh sé caillte - bhí sé beagnach plúchta sa gcófra. Mar sin fein níor thug sé a sparan dóibh.
    Sé an t-ainm atá ar an Murduach i seanchas m'áite ná An Maighdean Mara. Is leath éisg agus leath duine í. Corruair tagann sí aníos ar na carraigreacha agus ar an dtráigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Mac an Iomaire
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    An Coillín, Co. Galway