School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 432

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 432

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 432
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Muighris: Tugadh Muighris mar ainm ar an áit seo mar gheall bhí dearbhráthair don athair Ó Dómhnaill 'na chómhnaidhe ann agus sé an t-ainm a bhí air Muiris agus bhíodh sé ag fiadhach gach lá agus nuair a cailleadh é tugadh Muighris mar ainm ar an áit 'na dhiaidh.
    Cloch a' mhíle: Tugadh Cloch a' mhíle mar ainm air mar tá sí sé mhíle ón gcrosbhóthar.
    Cnoc Buidhe: Tugadh Cnoc Buidhe mar ainm air mar gheall tá a lán fraoigh agus aiteann ag fás air agus freisin tá gluaisteán sidhe le feiceáil ann gach oidhche.
    An Tolamh Buidhe: Tugadh an Tolamh Buidhe air mar tá gaineamh buidhe le fághail ann agus mharbhuigh fear taibhse ann uair amháin.
    An Gleann Mór: Tugtar an Gleann Mór air mar tá sé idir dhá chnoc.
    Connamara: Tugadh Connamara air mar fear a bhí ann agus sé an t-ainm a bhí air Mara agus bhí seisear mac aige agus an mac ba shine sé an t-ainm a bhí air Conn agus d'fhág a athair an áit seo go léir aige agus sin é an fáth a dtugtar Connamara mar ainm air ó shoin.
    Garraidhe na Slat: Tugtar Garraidhe na Slat mar ainm air mar slat ar fad a fhásann ann.
    Garraidhe na hIotlainne: Tugtar é seo mar ainm air mar féar ar fad a fhásann ann.
    Barr an Gharraidhe: Tugtar Barr an Gharraidhe air mar gheall tá sé an-ghar don chnoc.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Coillín, Co. Galway
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway