School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 431
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1.
Ceathrar ag rith, Ceathrar ar crith, beirt ar an ngormáin agus mac Uí Molodarna ag rith ar an méid sin.
Freagra : Bó a bheadh ag rith.
2.
Chuaidh mé suas agus anuas an bóithrín agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim liom.
Freagra: dréimire.
3.
Gilín ó Gil, Gilín ó Dubh, fear innseacht an sgéil gan féith gan fuil.
Freagra : Solas na Gréine.
4.
Cailleach ar theach is í ag caitheadh tobac.
Freagra : deatach.
5.
Sean-fhear bocht bocht is a mhaide faoin ucht agus é ag silt deora go tuigh.
Freagra : Bonn-sop tighe.
6.
Bhuail mé mart amach faoi chlaidhe is níor bhris mé cnámh in a chorp.
Freagra : Seilmide.
7.
Chaith mé suas é chomh geal le sneachta agus tháinig sé anuas chomh buí le h-ór.
Freagra : Ubh.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway