School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 428

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 428

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 428
  3. XML “Béaloideas - Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an taobh theas de Choillín tá cnoc mór ard. Is an-deas an cnoc é agus tagann cuairteoirí gach Samhradh go Cárna agus caitheann siad an chuid is mó de na laethanta breágh thuas ar a bharr agus bíonn radharc breágh aca ar a lán áiteanna cuir i gcás Oileán M......., Oilean Naomh Mac Dara agus Cruach na Caoile. Má tá an lá go breágh d'fheicfeá na Bránndain i gCo. Chiarraighe agus ia galánta an radharc é. Ar an taobh eile de'n chnoc tá a lán páirceanna ina bhfástar fataí, coirce agus féar ionnta. Agus ar an taobh thíos arís de na páirceanna tá an uamhan thalmhan agus deirtear go bhfuil an cuimse óir agus airgid istigh innti. Níor cartadh ariamh í ach deireann lucht an t-seanchais nach bhfuil fios cé an méid atá innti.
    Tá duine inann a dhul isteach innti ach mar sin féin ní leigeadh faitchíos d'aon duine a dhul isteach inniu le faitchíos nach mbeadh sé inann a theacht amach. Deireann cuid eile de na daoine gur saghas dún is eadh é a thóg na Lochlannaigh nuair a thángadar go h-Éirinn ar dtúis agus is ann a choinnigh siad a gcuid airm agus gunnaí agus an méid airgid a bhí aca. Níor cartadh ariamh í agus sílim nach gcartfar go deo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway