School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High
An Clochar i gCárna | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 415

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fear ana láidir do beadh Goll Mac Mórna, agus bhíodh sé i gcómhnuidhe in éineacht le Oisín sul a ndeacha sé go Tír na n-Óg. Tar éis imtheacht d'Oisín bhíodh an-bhrón ar Gholl- tá sean fhocal againn ' A Ghoill ná bíodh brón ort'. Duine de na Fianna do beadh é seo, agus bhíodh Fionn ag rádh leis i gcómhnaidhe gan bhrón a bheith air, go dtiocfadh Oisín

(continues on next page)

Fadó ariamh bhíodh na filí ag imtheacht ó thigh go tigh agus go mór mhór go tighthe na n-Ard Rí, agus d'iarraidís bístín dóibh féin i gcóir ha h-oidhche. Na rudaí a chloisidís na Rithe ag rádh ar feadh na h-oidhche dheinidís amhrán fútha ar maidin.
Uair amháin do chuaidh file go dtí tigh an Ard-Rí ach bhí fhios ag an Rí céard a thug ann é, agus i gcaitheamh na h-oidhche d'éirigh troid eatorra. Rug an Rí ar an bhfile agus bhain sé súil as. Rith an file chun an tobair chun na súile do nígheadh. Le neart na fola bhí an t-uisge dearg. Dhein sé loch mór de'n tobar céadna agus ó shoin amach tugtar Loch Deirg Dheirc mar ainm ar an loch sin.

Collector
Eibhlín Ní Ghaora
Gender
female
Age
12
Address
Cuilleen, Co. Galway
Informant
Colm Ó Ghaora
Relation
grandparent
Gender
male
Age
84
Address
Cuilleen, Co. Galway
Language
Irish