School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 413

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 413

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 413
  3. XML “An Tarbh Breac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean agus mac aice. Nuair a d'éirigh an mac suas sé an obair a bhíodh air ná ag tabhairt aire do bheithidhigh gach lá. Bhí tarbh breac i measg na mbeithidheach agus bhí sé ana mhór agus láidir. Ní thagadh an mac abhaile aon lá chun a bhéilí a ithe, agus bhí iongnadh an domhain ar a mháthair mar gheall air sin. Chun an sgéal a thuigsint chuir sí a h-inghean ba shine go dtí an áit a raibh sé ach ní raibh aon mhaith ann. Dheamhan greim a bhfaca sí é ag ithe.
    Lá ar na bhárach chuir sí inghean eile go dtí an áit ach bhí an sgéal céadna aice. Tada níor ith sé an fhaid is bhí sí ann. An tríomhadh lá chuir sí an t-inghean eile ann. Bhí suil aice siúd i gcúil a cinn, agus nuair a d'iompuigh sí thart chun filleadh abhaile nár chonnaic sí an buachaill agus é ag baint an adharc de'n bhó agus ag fághail bidh as. Rith sí abhaile chomh mear is a bhí in a cosaibh agus d'innis dá máthair go bhfaca sí a driothár ag ithe bidh as adharc na bó.
    Annsin, leig an mháthair uirri go raibh sí go dona, agus dubhairt sí nach leighisfeadh tada í ach píosa de'n tarbh breac. Chuala an tarbh seo, agus bhí sé an-chorruighthe. D'iarr sé ar an mbuachaill na beithidhigh ar fad do mheasgadh le chéile ionnas nach n-aithneochadh an bhean é féin. Rinne an buachaill amhlaidh. Bhíodh an tarbh i gcómhnaidhe i dtosach an tréada nuair a bhíodh sé 'a seoladh amach, ach anois chuir chuir sé é 'na lár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway
    Informant
    Padraig Mac an Iomaire
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    An Coillín, Co. Galway