School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 411

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 411

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 411
  3. XML “Am na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San am úd do chónnuigh sagart i nDún na nGall dárbh ainm an t-Athair Ó Dómhnaill. Do bhí mainistir annsin aige ach chuala sé go raibh saighdiúirí Shasana ar a thóir. Theith sé leis tré na cnuic agus na sléibhte agus sa deire thair thall shroich sé 'Cnoc Coillín' i gCarna, agus thóg sé teah dhó féin ann.
    Oidhche amháin tháinig na saighdiúirí chuige. Fuair siad sgéala faoi. Bhí an teach dorcha agus dúirt siad leis 'las an solas'. 'Ní h-eadh ar seisean ach 'las an coinneal'. Bhí fhios aca annsin gurbh é an t-Athair Ó Dómhaill a bhí ann, mar sin é an focal a bhí aige. Annsin bhíodar ar tí é a ghabhadh, ach dubhairt sé leo fanacht go maidin go dteasbáinfeadh sé rudaí ana luachmhar a bhí aige istigh in oileán 'Cruach na Carra'. Ar maidin fuair sé long agus thóg sé isteach iad. An fhaid is bhíodar ag dul mór-thimcheall an oileáin ar lorg na neithe luachmhar mar b'eadh, fuair an sagart an deis éaló uatha. Isteach leis sa mbád arís. Sheol sé amach, agus d'fhág iad ar fán tríd an oileán. Níor fhéad siad an áit d'fághail agus cailleadh ann iad le hocras agus fuacht.
    Tá fothracha an tighe a thóg an tAthair Ó Dómhnaill sa Coillín le feiceáil go dtí an lá atá indiu ann. Bhí driothár leis in a chomhnaidhe i Maighnuis in a dhiaidh sin, agus is uaidh a tugadh an t-ainm ar an áit.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway