School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 392

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 392

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 392
  3. XML “Grabaire Beag Fhinn Mhic Chumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá dá raibh Fionn ag siubhal amach casadh sean bhean dhó. D'fhiafruigh sí dhe an imróchadh sé cluiche cártaí. 'Níor thug mé mo chuid cártaí liom indiu', a deir Fionn. 'Níor fhág mise mo bhaile féin a deir an t-sean bhean gan mo phaca cártaí bheith ar iomchar agam'. Ní dhearna sí annsin ach stríoca a tharraingt ar an tráigh le cána a bhí in a láimh, agus rinne sí bord. Tharraing sí stríoca eile ag gach aon cheann dhe, agus rinne sí péire cathaoireacha. Chuir sí lámh in a póca agus tharraing sí aníos paca cártaí.
    Dubhairt sí le Fionn suidhe isteach nó go n-imireochaidís cluiche. Bhuaidh Fionn an chéad chluiche. 'Tabhair do bhreith a Fhinn', a deir an t-seanbhean. 'Beidh mé luath go leor, nuair a imireochas muis cluiche eile', d'fhreagair sé. Bhuaidh an t-sean bhean an darna cluiche. 'Cuirim-se de bhreith ort a deir sí gan stopadh ná cómhnaidhe a dhéanamh nó go dtuga tú chugam cloigeann Rí na Binne Bogaige'.
    'Cuirim-se de bhreith ort-sa a deir Fionn a dul ar stuaic an teampaill sin thall, punann tuighe a bheith ar bhinn de, pota uisge a bheith ar an mbinn eile, snáthad mór a bheith in do ghlaic, agus gan de bhiadh ná de dheoch a thabhairt nó go dtaga mise ar ais ach an méid a gheobhfas tú as an bpunann tuighe agus as an bpota uisge trí cró na snáthaide móire'. A! tóg diom an geasa, agus tógfaidh mise dhíot-sa é a deir an t-sean bhean. 'Deamhan a thógfad' a deir Fionn,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Address
    An Coillín, Co. Galway
    Informant
    Tomás Mac an Iomaire
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Coillín, Co. Galway