School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 391

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 391

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 391
  3. XML “An Pota Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó, agus is fadó bhí. Sé an t-ainm a bhí air ná Seán Ó Máille, agus chómhnuigh sé i dteach beag i nGleann na Smól. Bhí sé ag brionglóidigh seacht n-oidhche na seachtmhaine ar phota óir. Ach an lá seo chuaidh sé dá thóraidheacht, agus fuair sé é. Chuaidh sé abhaile agus d'innis dá bhean é. D'fhiafruigh sí dhe a dtug sé aon phinginn as, agus dubhairt sé nach dtug. 'Rith a chladhaire, agus tabhair leat é' a deir sí.
    Chuaidh sé go dtí an pota ach ní raibh sé ann. Thosaigh air ag cartadh na talmhan, agus chuala sé glór ag rádh leis 'Má's maith an taobh sin, is fearr an taobh eile'. Lean sé ag cartadh, agus ag cartadh go dtí go dtáinig sé ar an bpota, ach bhí ollphéist uabhásach casta timcheall a bhéil. Ní leigfeadh an ollphiast dhó dul in aice leis an bpota, agus ní raibh fhios aige beirthe ná beo céard a dhéanfadh sé.
    Abhaile leis agus fuair sé sean asal gur cheangail sé téad de'n phota agus de'n asal. Annsin bhuail sé an t-asal, agus rith sé le'n a anam. Thuit an .........de'n phota, agus thuit a raibh d'ór ann amach as. Mharbhuigh an t-ollphiast an t-asal, agus d'ith sé é. Thug an fear an t-airgead leis agus bhí rath agus sonas air, ach mar sin féin níor mhair sé i bhfad in a dhiaidh sin. Tamall tar-éis a bháis tháinig stróinséar isteach, agus ní raibh bean an tighe istigh. Bhí sí amuigh le h-aghaidh canna uisge, agus níor chuimhnigh sí ar an doras do dhúnadh. Chuaidh an stróinséar suas san seomra, áit a bhfuair sé fear mór sínte ar an leabaidh. Rith sé amach sa tsráid agus faitíos an t-saoil air, agus chonnaic sé bean an tighe ag teacht. Rith sé chuice agus d'innis di an sgéal. Annsin chuaidh an bheirt aca isteach, agus ní raibh aoinne ann. Thóirigh sí an airgead ach pinginn níor fhéad sí d'fághail in san ait. Ba ghearr go raibh sí chomh bocht is a bhí sí riamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female