School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 387

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 387

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 387
  3. XML “Ainmneacha Áite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Clochar na Pluide:- Sé an fáth gur tugadh Clochar na Pluide air mar ins an t-sean aimsir bhí bean agus chuir sí pluid amach, sgar sí ar aill mór millteach é agus tugadh 'Clochar na Pluide' air ó shoin.
    Crocán an Aifrinn:- San t-sean aimsir bhíodh sagart ag léighimh Aifrinn ann an t-am a raibh an namhaid ag cur fan ar an Eaglais Dé.
    An Leachta :- Tá leachta ann agus bhíodh bean sidhe le feiceáil ann gach oidhche.
    Clochar na gCat:- Sé an fáth gur tugadh Clochar na gCat air mar bhiodh go leor cat fiadhna ag siubhal ar an aill mhór atá ann.
    Baile an Chliabháin:- Ins an t-sean aimsir nuair a bhí na daoine ag déanamh an bóthar mór thosnuigh siad ag sgoilteadh na gcarraig, chuala siad bean ag bogadh cliabháin istigh ann agus d'éistigheadar leis an aill.
    Crocán na mBuachaillí:-
    Ins an t-sean aimsir mharbhuigh Catríonach dhá bhuachaill déag ann.
    Oileán an Bhaile:- Bhí robáilaidhe ann ins an t-sean aimsir agus bhí áitiú déanta aige ar an oileán, bhí caipín luaidhe air agus rinne sé balla timcheall ar an oileán i lár na locha dá choinneáilt sábháilte ar an namhaid.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Roisín na Mainiach, Co. Galway
    Collector
    Bairbre Ní Donnchadha
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway