School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 385

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 385

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 385
  3. XML “An Fear a Chuaigh go Sasana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí fear ann agus chinn sé ar dhul go Sasana. An Oidhche sul a d'imthigh sé rugadh mac óg ins an teach. Ar shroichint Sasana dhó chuaidh sé ag tóraidheacht oibre, agus ba ghearr go bhfuair sé obair ar feadh bliain is fiche ó fheilméar ann. Ag deire an ama sin d'fhiafruigh sé de'n fheilméar an leigfeadh sé dó dul abhaile agus dubhairt an feilméar go leigfeadh agus fáilte. D'fhiafruigh an feilméar de annsin céard do b'fhearr leis a pháighe nó cáca agus dubhairt seisean go mb'fhearr leis an cáca.
    Beirim comhairle duit anois a deir an feilméar gan greim de'n cháca seo d'ith go dteighe tú abhaile. Agus deirim leat freisin a deir sé gan fanacht in aon teach a mbeidh cailín óg agus sean fhear ann, agus coinnigh ar do bhealach ar an sean-fhocal ' Má's chomh díreach an ród sé an t-slighe mór an t-aithgiorra'. Thug sé comhairle eile dó annsin gan tada a dhéanamh san oidhche mar go bhfeicfidhe ar maidin é.
    D'imthigh an fear leis ar a bhealach abhaile, agus ba ghearr an t-achar gur thuit an oidhche air. Tháinig sé isteach i dteach a raibh bean óg agus sean fhear ann. Chuimhnigh sé ar an bpoinnte ar chomhairle an fheilméara agus d'imthigh sé as an teach arís. Tháinig sé go coca féir, agus d'ullmhaigh sé chun an oidhche do chaitheamh ann. Tamall in a dhiaidh sin chonnaic sé beirt fear a' dul isteach na mná óige. Ba ghearr gur chuala sé caoineadh agus sgréachaoil uabhásach istigh. Mharbhuigh an bheirt an sean-duine bocht. Tháinig duine aca amach annsin, agus shiubhal analll go dtí an coca féir, agus chuir a dhruim leis. Ní dhearna an fear a bhí istigh san gcoca, ach sgian a tharraingt amach, agus píosa a bhaint as cóta an fhir eile leis. I gcionn tamaill tháinig na 'peelers' agus rugadar ar an bhfear a bhí istigh san bhféar. Dubhairt seisean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Aine Ní Cárthaigh
    Gender
    Female
    Age
    10