School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 383

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 383

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 383
  3. XML “Seanscéalta - Cat na mBróg”
  4. XML “Jack an Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus chroch sé leis é go dtí teach an gréasuidhe. Nuair a bhí tamall siubhalta aige casadh fear eile air a raibh dhá ghadhar agus cú aige agus d'fhiafruigh an fear dhó céard a bhí ins an mala.Dubhairt sé gur muc a bhí ann a cheannuigh sé ar an aonach agus ní raibh aon chead aige é thaisbeáint d'aon duine. Caithfidh tú é a thaisbeáint dom-sa ar aon nós nó stracfaidh mé ó cheile thú féin agus an mála.
    Bhí an cat ag scríobadh an mhála agus ag rádh leis an bhfear gan é a oscailt ach mar sin fein b'éigean dó é a oscailt. Nuair a d'oscail sé é d'éirigh an cat amach as. Léim an cú agus na gadhair anuas air agus strach siad ó chéile é. Annsin bhí áthas mór ar an bhfear mar dubhairt an fear eile leis marach gur marbhuigheadh é go gcuirfeadh sé é féin agus a chlann chun báis. Bhí áthas ar gach duine mar gheall air gur marbhuigheadh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean annseo fadó agus ní raibh aici ach aon mhac amháin agus sé an t-ainm a bhí air Jack. Bhíodh a mháthair amuigh gach lá, ag obair agus ní fhagadh Jack an luaith. Lá amháin nuair a bhí a mháthair ag teacht isteach agus ualach trom uirthi thuit sí sa doras. Dubhairt sí le Jack éirigh agus í a thabhairt isteach. Déirigh Jack agus chraith sé luaithe se féin agus thug sé isteach í. Anois a dubhairt a mhathair tá mise aosta agus níl
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway