School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 382

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 382

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 382
  3. XML “Seanscéalta - Cat na mBróg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin bhí fear agus bean ann a raibh triúr páistí aca. Bhíodar roinnt bocht ach bhí cúpla bó aca. Lá amháin chuaidh an fear ar an aonach chun go ndíolfadh sé ceann des na bó agus ba maidin Geimhridh a bhí ann. Theastuigh bróga ó na gasúir agus dubhairt fear an tighe go gceannóchadh sé iad. Tharla san am céadna gur thainig cat mór dubh isteach ins an teach agus shuidh sé síos in aice na teine. Annsin d'arduigh sé a cheann agus dubhairt sé leis an bhfear 'Ceannóchaidh tú bróga dhom sa freisin mar teastuigheann siad go géar uaim. D'imthigh an fear leis annsin agus sheol sé an bhó amach roimhe agus faoi cheann sgathaimh shroich sé Co. na Gaillimhe an áit a raibh an t-aonach.
    Dhíol sé an bhó agus bhí sé an t-sásta mar fuair sé luach maith uirthi sé sin cuig phúnt. Annsin chuaidh sé isteach ins na siopaí móra agus cheannuigh sé bróga do na garsúin ach bróg nó stoca ní bhfuair sé don chat. Sheol sé leis abhaile agus ní raibh sé ró-shásta mar ní raibh aon bhróg aige don chat mar chinn finne air aon bhróg a fhághail in aon áit a d'fheilfeadh é. Nuair a tháinig sé in aice an bhaile casadh fear dó agus dubhairt sé leis a rádh leis an gcat go ndeacha sé go dtí gréasuidhe agus gur dhubhairt an gréasuidhe go ndéanfadh sé péire bróg dhó dhá mbeadh a mhiosúr aige. Bhí go maith. Tháinig an fear abhaile agus d'éirigh an cat suas in a sheasamh agus dubhairt 'Cá bhfuil mo bhróga-sa nó ar cheannuigh tú iad?' D'innsigh an fear an scéal don chat agus bhí an cat an t-sásta leis. Lá ar na bhárach chuir an fear an cat ins an mála
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412C: (The Cat Asks for Boots)
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway