School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 381

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 381

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 381
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sionnach agus pocaide ann uair amháin agus bhí siad 'na gcomhnaidhe i n-éinfeacht. Is minic do théigheadh an sionnach ag marbhú géadhna, agus ...... , agus d'fhanadh an pocaide sa mbaile. Lá amháin bhí siad ag siubhal i n-aice le loch agus bhí an lá go h-an bhreágh agus bhuail tart mór iad agus b'éigean dóibh a dhul chomh fada leis an loch. Chuaidh an sionnach síos ar dtús ach mar sin féin níor éirigh leis aon deocah a fhághail mar chuaidh sé síos ar mullach a chinn. Annsin d'iarr an sionnach conghnamh ar an bpocaide agus dubhairt an pocaide go dtabharfadh. Chuaidh sé síos annsin ach d'éirigh an cleas céadna dhó agus a d'éirigh don tsionnach.
    Mar sin féin d'éirigh leis an sionnach an ceann a b'fhearr fhághail ar an bpocaide mar d'éirigh sé agus sheas sé ar a dhruim agus annsin d'éirigh leis a dhul ar an mbruach, agus bhí áthas an domhain air agus d'fhág sé an pocaide bocht thíos ar thóin na locha. Bhí sé ag déanamh a dhíchill a theacht anios ach do chinn finne air. Annsin do sgread an sionnach agus dubhairt 'a phocaide ná téirigh thusa go deo síos i bpoll ag ól uisge mar a dtéighe tú i bpoll a mbíodh tú indán teacht as'.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0031: The Fox Climbs from the Pit on the Wolf's Back
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway