School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 375

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 375

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 375
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San am fadó ní chaitheadh an daoine aon bhróg go mbídís fiche bliain d'aois. Tá trácht ar dhaoine nár chaith aon bhróg ariamh agus tá beirt nó triúr aca mór- timpeall na h-áite seo. Na páistí atá ann fé láthair is gnáthach leo imtheacht cosnochta tamall de'n bhliain go mór-mór sa Samhradh. Cuid des na páisti imthigheann siad cosnocht sa nGeimhreadh chomh maith agus ní bhíonn mórán sunndais aca ar fuacht mór, an t-sioc agus an t-sneachta. An t-uisge a nigheann na cosa ní chaitear amach é ar eagla go mbeadh aon duine ag teacht faoin doras agus go ndoirtfidh air é agus deirtear gur pisreog é sin.
    Ní déantar bróga san áit anois ach déantaidhe fadó ann iad agus ba láidre agus b'fhearr na bróga a deintí fadó ná na bróga a dhéantar anois, agus rud eile b'fhearr a sheasaidís. Deisightear bróga sa n-áit agus fuaghtar iad le meanna agus bíonn siad an-deas nuair a bhíonn siad deisighthe. Duine a fhághann's péire bróg nuadh déarfadh duine leis 'Go mairir is go gcaithir iad agus céad péire nios fearr ná iad' agus a lán eile mar sin. Is flúirsighe a bhíodh gréasuidhthe san áit fadó ná mar atáid anois agus tá a lan aca ag fághail bháis. Fadó Chaithtí bróga bonn adhmaid ach anois níl ceann ar bith sa n-áit. Do bhíodh adhmad an tanaidhe ionnta agus bhídís an deas. Dhéanadh na daoine féin cuid aca agus cheannuighdís mór-chuid aca freisin.
    Ní chaithtear bróga bonn adhmaid anois mar tá bróga
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway