School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 374

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 374

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 374
  3. XML “Naomh Pádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Naomh Pádraig ag múineadh an Creidimh tháinig sé isteach i dteach. Bhí chuile dhuine ann sásta iompodh leis ach fear an tighe. Dubhairt seisean le Pádraig dá mbeadh sé in ann innsint dhó céard é iongantas lae Bealtaine go n-iompóchadh sé leis.
    Chuaidh Pádraig thart ar fud na h-áite ag fághail amach cérbh é iongantas lae Bealtaine. Tháinig sé go crann a bhí ann suas le céad bliain, agus d'fhiafruigh sé dhe an raibh fhios aige iongantas lae Bealtaine. Dubhairt an crann nach raibh fhios aige ach go raibh fiadh amuigh sa sliabh, agus go mb'fhéidir go raibh fhios aige.
    As go bráth le Pádraig go dtí an fiadh, agus chuir an cheist céadna air. 'Innseochaidh mé dhuit ars' an fiadh céard é iongantas lae Bealtaine. Tá abha annsin thiar a deir sé agus tá bradán innte. Bhuel, bhí an oiread sin de chroidhe agus misneach sa mbradán, nuair a bhí an Samhradh ar fághail go n-eirigh sé suas glan san aer agus nuair a tháinig sé anuas aríst nach raibh leac oidhre ar an abhainn?' Ní raibh fhios ag an mbradán céard a dhéanfadh sé nuair a chonnaic sé sin. Shín sé siar ar a thaobh ar an leac oidhre, agus níorbh fhada go dtáinig préachán i ngan fhios air, agus phioc sé súil as. Tháinig an oiread fola as an súil gur leágh sé an leac oidhre, agus annsin chuaidh an bradán síos san uisge aríst.' Tháinig Naomh Pádraig ar ais do'n bhfear, agus d'innis an t-iongantas seo dó. Ach ba chuma, ní raibh sé sásta glacadh leis an gcreideamh. B'fhearr leis a dubhairt sé é a chur beo faoi'n dtalamh ná iompódh. Rug a chlann féin agus Naomh Pádraig air, agus chuireadar beo san uaigh é. Mar sin féin ceaptar go ndeacha sé go Flaitheas mar gheall ar a raibh de bhrón agus de chathughadh in a dhiaidh ag a chlann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Fhualáin
    Gender
    Female
    Age
    10
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway
    Informant
    Miceál O Niaidh
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway