School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 370
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Tá Daidó ar chúl an chófra agus dhá chéad cóta mór air.
Freagra :- Meall cabáiste
2. Bíonn sé ar bhois, agus bíonn sé ar bháis, agus bíonn sé ar bharr an chuaille ghlais. Teigheann sé anonn go h-aerach deas, agus tagann sí anall arís ar ais.
Fr. :- Ceó
3. Níl sé istigh agus níl sé amuigh agus cá bhfuil an lá na bhfeictear é
Fr.:- barr an dorais.
4. Bíonn sí thoir agus bíonn sí thiar, bíonn sí i ngairdíní B Á Cliath. Is mó a greim ná greim chapaill agus ní bhlaiseann sí den bhiadh.
Fr.:- Speal.
5. Triúr clainne Dhomhnaill a cuireadh ag baint slait, an t-slat a bhaineadar nior thugadar leo í, agus an t-slat nár bhaineadar thugadar leo í.
Fr.:- Trí ghé a' piocadh a chéile.
6. Capaillín bobalta donn, shiubhladh sí an domhan, is ní fhliuchfadh sí cos go dtiocfadh sí abhaile tráthnóna agus go sáithfeadh sí a srón sa nead.
Fr.:- Beach.
7. Droichead ar loch gan mhaisí, gan chloch?
Fr. : - Leac oighre
8. Is cruinne í ná mo cheann, is is fuide í ná na mílte dán.
Fr. :- Ceirtlín Snáithe.
9. Bhreathnuigh mé amach trí fhuinneoig mo Dhaidó, agus chonnaic mé fear marbh ag iompar fear beo.
Fr. :- rothar.
10. Deichneabhar ar leaba, agus gan aon fhear ar cholba
Fr. :- Túirne.
11. Lón na páairce bó bainne agus bó mór dearg eatorra istigh.
Fr. :- Do chuid fhiacal agus do theanga.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Maoilchiaráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway