School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 369
- XML “Tadhg na mBuille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an dtaobh thiar de Charna tá áit ar a dtugtar Áird. Is ins an áit sin a mhair fear fadó, a bhfuil a lán sgríobhtha faoi. Ba tighearna talmhan Tadhg, agus sé a bhí ana chruaidh ar na daoine. Ní bhíodh aon airgead aca siúd go minic le h-aghaidh na gcíos, ach ba chuma le Tadhg- muna mbíodh sé aca chaithidís na ba, na caoirigh, nó caiple a thabhairt dó in a ionad. Agus dá dtárluigheadh nach raibh na beithidhigh féin aca, agus thárluigheadh sin minic go leor, chaitheadh siad dul soir go h-Áird ag baint na móna dó ar feadh tréimhse fada, agus fiú an deoch uisge féin ní thiubhradh sé dóibh ó mhaidin go h-oidhche.
Lá amháin tháinig Tadhg isteeach i dteach baintreabhaighe bhoichte. D'iarr sé uirri an cíos agus dubhairt sí, ag innsint an fhírinne dó nach raibh sí aice. Bhí fearg aan t-saoil air agus ní dhearna, nó níor dhubhairt sé tada, ach mias mór ime a bhí leagtha ar an drisiúr do chrochadh leis.
An tráthnóna sin tháinig mac na baintreabhaighe isteach, agus faobhar ocrais air tar-éis lá cruaidh oibre ar an bportach. Ní raibh le fághail aige ach an t-arán tirm. D'fhiafruigh sé dá mháthair cá raibh an t-im agus d'fhreagair sí go dtug Tadhg na mBuille leis é. Bhí an mac le cuthach agus le bánaidhe agus ar thuitim na h-oidhche soir leis go dtí an Áird, agus sgian mhór ghéar in a phóca aige. Shroich sé teach Thaidhg- suas an staighre leis gur mharbhuigh sé an bitheamhnach de thighearna talmhan. Geallaim dhuit go raibh síothchán agus sonas in Áird in a dhiaidh sin. Tá fothracha tighe Thaidhg le feiceáil ann fós, ach deirtear go bhfuil an áit mhór timcheall air lán le taidhbhsí.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway