School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt driothar ann fadó- duine aca bocht agus an duine eile saidhbhir. Chuile lá thagadh an duine bocht go dtí an duine eile ag iarraidh rud le n-ith. Thagadh sé i gcómhnuidhe, i gcomhnuidhe, ach sa deire thiar thall dubhairt an duine siadhbhir leis gan teacht chuige arís níos mó. Lá ar na bhárach nár tháinig sé arís. Bhí an driothar saidhbhir le bónuidhe agus dubhairt sé leis 'Gread leat as m'amharc agus gabh go hIfreann '. D'imthigh an pleidhce leis, agus lean sé ag siubhal, agus ag siubhal go dtí go raibh a bhrógachomh tanaidhe le sgiathán féileacáin.
Sa deire shroich sé teach mór. Isteach leis, agus cé bhí istigh roimhe ach an diabhal. D'fhiafruigh an diabhal dhe céard a bhí uaidh. D'fhreagair sé gur dhíbir a dhriothar é. Annsin dubhairt an diabhal leis go dtiubhradh sé muileann dhó agus rud ar bith a d'iarrfadh sé a dhéanamh, dhéanfadh sé dhó é. 'Spáin sé dhó cionnus é d'oibriú, agus cionnus stop a chur leis, ach dubhairt sé leis ar a anam gan innseacht d'aoinne beo faoi.
As go bráth leis an bhfear annsin, agus an muileann fan'n a asgal aige. Is gearr gur shroich sé a bhaile dhúthchais. Dubhairt sé leis an muileann teach beag a dhéanamh dhó. Rinne an muileann mar a dubhradh leis- thóg sé an teach ba bhreaghtha dá bhfaca tú ariamh. Dubhairt sé leis annsin óir do dhéanamh dó. Thosuigh sé ag déanamh an óir agus 'á cartadh amach chuige ar an mbord, agus is gearr go raibh an teach lán d'ór agus bhí áthas a chroidhe ar an bhfear bocht.
Chuala an driothar saidhbhir an sgéal agus tháinig se ag iarraidh an muilinn air.Ní raibh an duine bocht sásta ar dtús, agus nuair a thairg an duine eile milliún púnt air, thug sé dhó é. Thóg sé leis é agus nuair a chuaigh sé abhaile(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Cartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 10
- Address
- Carna, Co. Galway
- Informant
- Séamus Caulfield
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Carna, Co. Galway