School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 346

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 346

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 346
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Rí agus Bainrioghan ann fadó. Bhí aon inghean amháin aca. Bhí an bainrioghan ag fagháil bháis. Níor mhaith leis an rí aon bhean eile a phósadh agus níor mhaith léi gan rud eicínt a fhágáil aige. Shín sí chuige fáinne pósta. 'Má phósann tú aríst ar sise fágaim le huachta agat gan sin a dhéanamh ach nuair a bhéas an aois ag ár n-inghean nach mbeidh an fáinne sin ró mhór na ró bheag dí ach oireadh agus is leis an bhfáinne sin a chaithfeas tú an dara bean a phósadh má phósann tú coidhce. 'Ní phosfaidh mé go deo aríst' arsan rí ach níor labhair an bainrioghan focal. Fuair sí bás lá ar na bhárach.
    Cuig bliadhna tar éis sin casadh ban-fhlaith áluinn óg ar an rí agus thug sé grádh agus gean mór dí. Bhí fhios sin ag an inghean agus b'fhios aicí faoi an bhfáinne. Bhí an fainne i dtrunc ag an rí. Lá ar na bhárach bhí an rí imithighte agus chuaidh an inghean suas chuig an trunc, d'fosghail sí é agus thosnuigh sí ag cartú nó go bhfuair sí an fáinne. Chuir sí ar a méir é agus nuair a shíl sí é a bhaintanuas chinn sé uirthí. Bhí sí i gcruadh chás. Ní raibh fhios aice céard a bfhearr dí a dhéanamh agus chuir sí ceirt ar a méir nos nach bhfeicfeash a h-athair an fáinne.
    Nuair a tháinig an t-athair isteach ins an oidhche chonnaic sé an cheirt ar a meir agus d'fhiafruigh sé di céard a bhí air, dubhairt sí gur ghearr sí í 'bain an cheirt dí go bhfeicfeadh mé an gearadh'. Dubhairt sí nach fiú tada é. 'Is cuma sin' a deir sé 'caithfidh tú an cheirt a bhaint dí go bhfeicfeadh mise an gearadh ar fhaitíos go mbeadh sé go dona' a deir sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Maoilchiaráin
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway