School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 340

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 340

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 340
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siad na h-ainmhidhthe na feirme atá againn sa mbaile ná:- capall, beidhigh, muca, cearca, lachain, géadhna agus asal. Siad seo na h-ainmneacha a thugann na daoine ar na buaibh ná :- bean Mhuire, bean Dómhnaigh, Róta an Dómhnaigh, Sméirín, Sonóisé, Perinó agus a lán eile aca. Nuair a bhíonn na daoine ag seoladh na mbeidheach bíon siad ag rádh 'habha amach'agus mar sin de. Sé an saghas easair a bhíonns fé na buaibh ná fraoch, raoineach, tuighe briste, fideogaí,cíb, féar, agus fiadhtúil. Sé an t-ainm a glaodhtar ar na gamhna ná 'Suicín'. Glaodhtar scioból ar tighe na mbó. Ceangluightear na ba le rópa fada.
    Ar dtúis cuirtear an rópa timcheall a muinéil ionnús gombeidh sé sáthach fada agus annsin fásgtar snaidhmair chomh fada suas is go mbeidh sé sáthach mór le h-aghaidh a múinéil. Ceangluightear na gamhna mar an gcéadna is a ceangluightearna beithidhigh. Glaodhtar ceanglacáinn go minic ar an saghas ceangal a tugtar agus anois is arís braighdeán. Déantar na ceanglacáinn sa n-áit ach ceannuightear na rópaíar dtúis. Cróchann na daoine crois bríghde, agus an t-iubhar beannuighte ar na frathacha i dtigh na mbó ionnús go mbeidh an t-ádh ar an stoc. Bíonn na caiple istigh ins na stablaí agus ní bhíonn siad ceangailte chor ar bith. Bíonn na caiple ag ithe féar, turnapaí, coirce, fataí brúighte, agus itheann na beitidigh féar, turnapaí, agus fataí leath-bhrúithte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Address
    An Coillín, Co. Galway