School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 333

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 333

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 333
  3. XML “Scéal - Cú Chulainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Cúchulainn
    An duine a fuaireas an sgéal uaidh: Tomás Mac An Iomaire, Coilín, Cárna
    Aois 60 blian. Ón a athair a fuair seisean an sgéal.
    Bhí ceannuidhe mála annseo fadó, agus casadh in áit é a raibh rástaí capall.Bhí na caiple ag rith agus siad a bhí go h-an luath, agus an ceannaidhe in a sheasamh ag breathnú orra. Tháinig fear chomh fada leis, agus d'fhiafruigh dhe an bhfaca sé rian rud ar bith ba luaithe ná na capaill. Níor labhair an ceannaidhe focal, d'fiafruigh sé arís dhe é agus dheamhan freagair a bhfuair sé. "Bhuel, mara bfreagra' tú mo cheist ars' an fear eile, bainfidh mé an ceann anuas dhíot"
    "Tá bean s'abhaile agam, adeir an ceannuidhe, agus tá mé cinnte go bhfuil sí cuile pioc chomh luath le do chuid capall". "Mara fíor dhuit é sin adeir an fear eile beidh an ceann bainte díot a'm-sa roimh an am seo i mbárach. Gabh abhaile anois agus tabhair leat do bhean annseo go dtéighe sí ag rith leis na capaill go bhfeicfimíd cé aca is luaithe"
    Chuaidh an ceannaidhe abhaile agus dubhairt le'n a mhnaoi go raibh an geall seo curtha aige, agus go raibh sé chomh maith dí theacht go rithfeadh sí leis na capaill. Níor thaithn sin leis an mhnaoi in aon chor, agus dubhairt sí nac raibh sí ag aireachtáil go maith. "Má's mar sin é adeir an ceannaidhe tá sé chomh maith dhom dhul ar ais go mbainfear an ceann dhíom" D'imigh sé leis, agus nuair a chonaic an bhean ag imeacht é, tar éis chomh dona is a bhí sí lean sí é, agus chuadar beirt go dtí an áit a raibh rástaí na gcapall.
    Socruigheadh an bhean agus na caiple le dul ag rith. Bhí cupán óir ceaptha d'on céad marcach a bheadh istigh. Trí rása a bhí orra. Bhí an bhean istigh chun thosaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Cú Chulainn (~40)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac an Iomaire
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    An Coillín, Co. Galway