School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 301
  3. XML “Scéalta faoi Fhathaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ta se tamall fada o shoin ó bhi fathach ins an áit seo. Ní raibh sé ina comhnuidhe i bfad ó'n áit seo. Bhí faithcíos mór ar na daoine roimhe agus bhíodh sé ag goid cearcha agus géana uatha san oidhche nuair a bhíodh siad ina gcodhladh. Ní theigheadh an fathach seo a chodladh chor ar bith ach amháin sa lá. Bhí sé ina chomhnaidh ar oileán agus do thóg sé balla mó timceall air agus do rinne sé sórt teach beag le clocha istigh ina lár agus is ann a bhíodh sé ina chodhladh. bhí madadh mór aige freisin agus bhí an oiread faitchíos ag na daoine roimhe is bhí aca roimh an fathach féin. Ní bhíodh an fathach seo ag déanamh cáidreamh le h-éinne de'n na daoine a bhíodh ina gcomnaidhe timcheall air. Nuair a ghoideadh sé cearc ó dhuine ar bith aca do bhíodh faitchíos ortha rud ar bith a rádh leis. Nuair a bhíodh an fathach ina codhladh sa lá do bhíodh an madadh ag faire an áit. Dá dtiocfadh duine ar bith i ngar do'n oilean nó ar an taobh amuigh do leanfadh an madadh é. Bhí an madadh i ndhan snamh a dhéanamh agus sé an chaoí a dtéigheadh an fathach amach is isteach ná uair amháin nuair a tháinig sé go dtí an áit. Do goid sé bád beag ó duine éigin agus do choinigh sé í go bhfuair sé bás. Ní leigfeadh faitchíos do dhuine a theacht ag iarraidh an bháid ar an bhfathach. Do mhair an fathach tamall maith blíanta agus bhí na daoine creachta aige sul a bhfuair sé bhás. Sé an bás a fuair sé ná do báthadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. giants (~518)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Maoilcíaráin
    Gender
    Female
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway