School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 250
  3. XML “Scéalta Crábhaidh - Scéal faoi Naomh Bríd”
  4. XML “Scéalta Crábhaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mbeadh móran talamh ag teastáil uaite. Dubairt sí go ráibh sí ag iarradh an meíd a cludeoch a brát. Dubhairt an fear go dthuirfeadh sé an méid sin de agus faílte Annsin sgar sí amach a brát agus cludaigh an brát na mílte acraí talmhan Thug an fear an talamh go leír de agus bhí neart talamh ag a bó uaidh sin amac.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Deirtear gur saotruigh an Maigdean Muire a saogal go cruaidh má shaothruigh aon bean eile é ar fud an t-saogail. Bhiodh sí ag siubhal i gcomnuidhe agus í ag iarradh a leanb Iosa a cosaint ar an námhaidh. Bhí ri ar Jeruslam fadó darb ainm Herod agus rí an chruaid ar fadh do beadh é. Caitfeadh sé a cuidh saighdiur amac ag marbhadh gach paiste fir dá raíbh sa mbaile Biodh na saighduir ag coiraidheacht Iosa i gcomhnuidhe. Bhí an Maighdean Muire agus a leanb ar a druim lá ag siubhal agus chonnaich an Maighdean Muire daoine ag cur arbhair agus d'fiafruigh an Maighdean de na daoine a bhí ag cur an arbhair céard a dheárfaidís dá bfiarochadh saighduirí Herod díobh an bfacha siad aon bean ag dul thart agus dubhairt sí leó a radh nach bfacha siad aon bhean ag dul tart ó bhí siad ag obhair cheana. Chuaidh na saigdiurí tart lár na bháireac agus bhí na fir ag cur an arbhair, agus dfiarr Herod díobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Sighle Ní Maoláin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway