School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 240
  3. XML “An Drochshaol - An Ghorta”
  4. XML “An Drochshaol - An Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gorta sa tír seó fadó agus fuair go leor daoine bas leis an ocras. Sé an rud ba cionnuigh leis ná an dubhacan a tháinig ar na fataí. Ní raibh fatá slán le fághail in aon áit. Bhí siad ar fad lobhfa. Sin é an uair a mbíodh na daoine ag scriobhadh bocste leis na fataí breata, sin fataí nach ráibh lobhfa ar fad. Bhí fear ins an mbaile seo ags bhí cupla acra talamh de fataí curta aige agus ní ráibh fatá amháin slan ins an garaí. Bhain sé iad agus caith sé le claidhe iad agus ceap sé nach ráibh aon maith ionnta. Bhíodh cor duine ag teacht agus bhíodh siad dhá tabhairt leo agus bhíodh siad ag baint an croiceann díobh agus bhí siad slán taobh instigh. Bhí na daoine ag cur na fataí i ngar don fairrge agus bhí fataí maite slán acú. Bhí go leor daoine agus ní ráibh fataí ar bith acú agus siad bas leis an ocras. Táinigh tinnis orra annsin agus bhí siad dá tógal ó na chéile agus fuair go leor daoine bas. Tháinig fiabras orra agus bhí siad ag fághail báis cois na gclotacaí agus ní gotach duine ar bith i ngar dóibh ar fáithcios go dtoigheadh siad an tinneas. Tá go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Antoine Ó Flaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Informant
    Bairbre Ni Cúaláin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway