School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 230
  3. XML “Long a Bádh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall is naoí mbleadna ficheadh ó shoin do bathadh bád ins an áit seo. Lá Mhic Dara a bhí ann aus bhí sproidhe i Muigneas agus tháing daoine i mbád go dtí é. Bhí aon bhád amháin ann agus bhí cúig duine déag inntí idir fir agus mná. Bhí an chuid is mó aca ar meisge. Ní raibh siad i bhfad amac ón talamh nuair a tháing taobh an báid anuas ar an uisce mar ní raibh clocha inntí. Sul ar fhágadar an caladh chaitheadar na clocha go léir amac aiste. Annsin nuair a tháinig an lá garbh bhí sí ró eatrom agus chuaidh an t-uisce isteach inntí agus chuaidh sí faoin bpoll. Bád seóil a bhí inntí agus nuair a tháinig an séol anuas ar an bhfairrghe báthadh gac duine a bhí daoí. Déirigh le cuid aca fanacht ar crann an bháid agus cuid eile fanacht ar an taobh don bhád nach raibh faoi an uisce. Bhí fear amháin ann agus se an t-ainm ar bhí air Pádraig De Burcha agus nuair beir sé ar thaobh an báid thug sé an bád suas agus báthadh an cuid is mó des na daoine. Báthadh é féin agus a bheirt ingean Bríghidh agus Áine freisin. Bhí sead ag gleó aagus ag fuagairt agus ag iarraid iad a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway