School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 154
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    3. Níl fhíos ag duine cá bhfuil an bhróg ag lagad ar an duine eile.
    4. Is congnam don bhróg an baraoil.
    5. Is í capall na h-oibre an biadh.
    6. Ní creidtear an fhirinne ó fhear dhéanta na mbréag
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 1. Ní tig leis an ngobán an dá tráigh a fhreastal.
    2. Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn a luc ag rinnce
    3. Tuigeann fear léiginn leath-fhocal
    4. Bionn adharca fada ar na buadhaibh tar lear
    5. Ní tig leat an croiceann is a luach dfághail
    6. Dá méad é an t-ól seadh is mo é an tart.
    7. Dá méid an deifir seadh is mo an mhoill.
    8. Giorruigheann beirt bóthar. Sean-fhocal é agus tá sgéal faoí. Bhí fear ann fadó agus ní raibh aon páiste aige. Lá amáin tháinig sgoláire bocht isteach agus dubhairt sé lé fear an tighe go mbearfaí mac do agus go mbead sé an cliste. Rughad páiste dhóib tamall i na dhiaidh ach cailín a bhí ann. Bhí buachaill i dteach eile ar an mbaile agus tug bean an tighe an cailín don bean eile ar an mbuachaill mar shil sí go mbeadh an buachaill an chliste. Nuair d'fás an buachaill suas ní raibh sé cliste chor ar bith acht bhí an cailin an chliste. Ní raibh fhios ag an athair nach é a mhac fhéin a bhí ann. Faoí cheann tamaill phós an buachaill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway