School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 133
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ta tobar í Cill Ciarán sé an t-ainm áta air na tobar Ciarán. Sé an fáth a tugtar Tobar Ciarán ar, Mar bhí naomh ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air na naomh Ciarán agus bhi sé lá amain thuas ar an gcnoc. Bhí an tobar seo ann. Chuaidh sé suas an dhá lá agus lean na daoine é. D'Innis sé go na daoine go raibh an tobar bheannuighe aige. Tagann daoine í bhfad ó bhaile ag tabhairt turas ar an tobar Lá Ciarán. Do bhíod na sean daoine ag rádh. Dhá mbead bron mhór ortha agus an turas ar an tobair a tabairt go mbead an bron ag imteacht duit ó tosac ag tabairt an turas go mbheadh tú réidh. Bhíodh siad freisin ag rádh dhá mbhead cós tinn ort agus gul go dtí an tobar agus braon dé n-uisge a cuir ar an áit a bheád an pian ort nach mbheadh aon phian ort aris. Agus gach uair dhá bheadh an pan sa gcós ort. dul go dtí tobar aris agus nach mbheadh aon phian ort. Sín é an caoí a fuair tobar sin a ainm agus cill Ciarán a ainm mar bí cill ann freisin.
- Collector
- Nóra Ní Flaithbheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway