School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 125
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar beannuighthe timcheall na h-áite seo agus is é an t-ainm atá air tobar Colum Chille. Tugann chuile dhuine turas ar an tobar. Is tobar deas beag atá ann agus ní thriomann sé aon am san mblian. Nuair a bhíonns siad ag tabhairt an turas baineann chuile dhuine díob a gcuid bróga. Fághann siad naoi gclocha beaga agus tosuigheann siad ag dul thart timcheall ar an tobar agus chuile úair a theigheadh siad timcheall ar an tobar chaitheadh siad uatha an cloch. Deireann siad trí cinn de pháidreacha ar chuile cloch a chaitheann siad uatha. Is iad na páidreacha a deireann siad ná Cré na nAspal, agus sé do bheatha a Mhuire agus Ar n-Athair. Nuair a bhíonns sé sin déanta aca téigheann siad ar a nglúnaíbh ós cómhair an tobair ag rádh páidreacha. Nuair a bhíonns sé sin déanta aca cuireann siad ortha a gcuid bróga. Fágann siad sgaball nó páidrín in a ndiadh ag an tobar. Fágann siad bláthanna ag an tobar freisin. Tugann siad buidéal leo go dtí an tobar agus tugann siad cuid den uisge abhaile leo. Is é an caoí a cuireadh ar bun an tobar seo. Nuair a bhí Naomh Enda ar oilean Árainn do bhíodar ag iarraid an oileán a roinnt eadorta. Séard a rinne siad ná tosuigh ag leigheam(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Cheanndhubháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway