School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 101
  3. XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Ciseán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an chaoí a ndheanfhadh na caoladoirí na caísain fadó is amhlaidh a theidis go dtí an choill ag baint slata ar feadh chúpla lá. Annsin theigeidis abhaile agus thugeidis na slata abhaile leo agus chuiridis síos in uisge iad ar feadh seachtmhaíne le haghaidh iad a bheith bóg. Nuair a bheadh siad ag deanamh na gcisáin thógidis as an uisge aríst iad agus bhaineadh siad sgrágh ghlas as an talamh agus chuiridis na slata síos ins an sgrágh agus thosuidhis dá bhfeachan. Nuair a bhiodh a ndoithin slata acu innte thosuidis ar an mbhéal. Is é an chaoí a ndeanidís béal an chaísain ná slata a chuir thar an slat éile agus a bheith dhá bfeachán leo mar sin no go mbhidís ag an táis. Annsin ceanglaochadh siad suas na slata a bhíodh suas as agus thugidís dhá slat leo as an dá thaobh den chaísan agus chuíridis síos iad ins an gcuid den chiasán a bhíodh deánta acu cheána dhé. Annsin thugídis leo casúr agus bhuáilidis síos iad le faitchíos go dtiocfaidís aníos aríst agus go sgoitheach an caisán amach aríst. Annsin sgoileadh siad na slata a bhiodh suas as aríst agus tosuigidís dá bfeachan go mbhiodh siad go dtí an deireidh. Annsin bhainídis an cásan aníos as an sgrágh as chuirídis slat anonn agus slat análl nó go ndunidís é. Annsin ghearidís na slata beaga a biodh amach as, agus leagidís suas i dtaísge é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. basket-making (~471)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Informant
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway