School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 096
  3. XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Braitlíne”
  4. XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Cardáil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá difríocht mhór idir an t-slighe mhaireachtáil a bhí ag na daoine fadó, agus atá ag na daoine anois. Níl an leath oiread anró orra anois i dtaobh oibre agus bhíodh an t-am sin. Do bhí obair mhór orra fadó, agus ní bhíodh móran saothruighthe doibh as ucht. Sníomh agus cardáil an obair is fairsinge a bhíodh ag na mná. Ní bhíodh ina gcumas an olann a chur go dtí an muillean le í fhágháil sníomhtha agus cardáilte. Do chruinnigheadh na mná isteach i gcúpla teach ins an oidhche, agus bhíodh siad ina suighe ar feadh na h-oidhche. Do bhíodh na tuirní cruinnighthe aca in aon teach amháin, agus cúpla péire cartaí, agus bhíodh cuid aca ag cardáil an olann ins na reilócaí agus an chuid eile dhá sníomh. Chaithidís an olann a spíonadh ó na chéile i dtús sul má chardaileadh siad í nó ní bheadh an reiléire déanta ceart. Nuair bhíodh na reileirí déanta sníomhaidís ar an tuirne iad. Bhíodh an tuirne a bhí aca an faisiúnta ar fad. Is amhlaidh a dhéanaidís fein iad. Ar dtús níor mhor dóibh píosa maith adhmaid d'fhágháil nach mbeadh éasgadh é a bhriseadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    2. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Chuálaín
    Gender
    Female
    Address
    Cill Chiaráin, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Flaithbhearthaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway