School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 095

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 095

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 095
  3. XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Braitlíne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl aon obair le déanamh anois le hais na daoine a bhí an fadó. Bhí orra an t-éadach a bhí gá n-úsáid aca a dhéanamh iad féin. Bhíodh go leor lín gá dhéanamh aca. Sé an caoi a déantaí é. Cuiridís an síol sa talamh agus nuair a bheadh sé fásta agus an líon aipighthe séard a gnithí leis é a tharraingt as an talamh agus nuair a bheadh sé sáthach stáluighthe bhuailtí é ar nós poineann coirce agus bhaintí an rós as. Bháithidís annsin an líon i bportach móna i n-áit nach mbeadh aon iarann thríd an uisge. Fágfaidhe annsin seachtain nó mar sin é. Thógtaí as an bportach annsin é agus sgairtí amach ar an talamh bán é go dtriomuigheadh sé. Bhíodh cliath aca le é triomú freisin. Bhíodh teine aca faoin gcliath. Chuiridís ar an lota annsin é go ceann tamall go mbeadh sé sáthach cruadh. Bhuailtí annsin le slis é go mbeadh sé acluighthe go maith. Bhíodh slis mhin aca annsin le é a dhéanamh sleamhann le h-aghaidh an túirne. Bhíodh siostal aca annsin agus tharraingtí thríd an líon é leis an gcolg a bhaint as. Sé an sórt rud a bhí sa siostal píosa adhmaid a raibh fiacla géara ann. Nuair a bheadh an méid sin déanta bhíodh an líon réidh le h-aghaidh an túirne. Sé an tuirne a ndéanadh an snaithe de. Nuair a bheadh an méid sin déanta bhíodh an snáithe réidh. Annsin thugtaí chuig an bhfigheadóir é le h-aghaidh braitlín a dhéanamh de.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    2. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Flaithbhearthaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Informant
    Tomas Ó Ceannabáin
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway