School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 064
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirth fhear ann fadó agus oidhche amháin bhúodar ag cuartuigheact i dteach an chomharsan Séan agus Tomás an t-ainm a bhí orta. Bhíodar ag cainnt is ag seanacus ag sáradh ar a chéile. Sa deire do chuir Séan gealt le Tomás nac ghoidhfead sé an bráitlín a béad faoi fhéin an oidhche sin nuair a ghabfadh sé a codhladh. Dubhairt Tomas go ngoidfheac agus dá mbéad gac rud chomh h-éaschaidh leis sin a dhéanadh go mbéad gac rud éasga. Dubhairt Sean annsin nac ngoigfeac agus thosuigheadhar féin ag sáradh ar a chéile. Agus dubhairth Séan leis gá dtiocfhadh sé in aici leis a theach nach bfaghfad sé é beo agus bhíodar féin ag sáradh ar a cheile. Dubhairt séan le Tomhás go dtiubradh sé céad punt dhó gá ndeanfeadh sé an rudh a dubhairt sé leis. Déanfhaidh sin dubairth Tomás caithfidh tú an ceadh a tabhairth dom má dhéanaim. Tiubrad cinnte a deir Séan. Bhí go maith is ní raibh go h-olc d'imhtigh an t-am seo agus tháinig am codladta. Dimthigh Seán agus Tomhás abaile. Cuaidh Séan a codladh agus shocruigh sé gach rud agis thug sé leis an guna go dtí an áit a raibh sé in a codladh agus d'fág sé an lampa ar lásad ar bord beag a bhí in aici leis an leabaidh agus bí sé ag faireadh ar Tomás ar faithchios go dtiocfadh sé i nganfíos dhó. Nuair a chuaidh Tomás abaile tosuigh sé ag cuimnigheadh cén bealach a thiubeadh sé an bráitlín ó Séain ba mhaith leis an céadh púnt d'fághailt sa deire do chuimhnigh sé ar chleas. Chuaidh sé go dtí an roiligh agus sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghidh Ní Mhaoilchiaráin
    Gender
    Female
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway
    Informant
    Feicín Ó Chualáin
    Gender
    Male
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway