School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 053

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 053

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 053
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadóagus sé an t-ainm a bhí air Seán an t-Sléibhe. Bhí sé an bhoctagus ní raibh aige act sean gearrán bán. Lá amháin chuala sé go raibh beirt cheannuigh as Sasana ag dul thart ag toireacht caiple le ceannacht. Chuaidh Séan agus fuair sé ficidh aon gíní í fear saibhir. Annsin cheannuigh sé clóc coirce agus cúir sé na ficidh aon gíní sa gcoirce. Thug sé don gearrán le n-ithe iadh. Ní raibh sé i bhfadh go raibh an beirt ceannaigh ag dul thart. D'íarruigh siad de Séan an ndíolfadh sé an capall. Dubhairt sé nach ndíolfadh sé é gan se céad punt. Cúde laisg dá mbúaileadh mé air cúirfidh sé gíní uaidh. Thosaigh Seán ag bualadh an gearráin nó gur bhain sé fichidh gíní as. D'fhág sé aon ceann amháin ann. Thug na ceannuigh sé céad punt do air. Thug siad leo an gearrán go Sasna. Nuair a bhí siad i Sasana dubhairt an cheannuigh mór go mbeadh sé aige féir an oidhche sin. Croc sé leis go dtí a theach é an oidhche sin agus thug sé isteac ins an seomra le é ar fháitcíos go ngodfheadh aon nduine é. D'éirigh sé an móc lár na báireach agus thug sé maidhe mór leis. Chuaidh sé amac da bpáirc agus bhuail sé laisg ar an ngearrán. Cúir sé gíní uaidh ar an gceadh laisg act dá mbéad sé dá bhualadh ó soin ní bainfeadh sé aon gíní as. Bhí sé dá bhualadh nó gur marbuigh sé é. Bhí an olc ar an mbeirt acú agus bhí siad le Séan a marbhuigheadh nuair a thiocfadh siad go h-Éirinn. D'imtigh siad leo agus iad a dul go h-Éirinn. Chualaidh Seán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Antoine Ó Flaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Informant
    Pádraic Ó Ceannubháin
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway