School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)theacht idir do. Do thug sé a agaidh ar an Lothlannach mór ar chur sé an t-adhmad chuige. Nuair a tháinig se isteach thuig an Lothlannach ag breathnu ar an adhmad é agus bhí sin ann an cuig crann daraigh ach ní raibh an fuinnséog ann cor a bith. Ca bhfuil an fuinséog arsa an máirnealach ó ní bfair mé an fuinséog cor ar bith arsa an Loclannac ní raibh me iondann i a tabhart liom. Nuair a bhí a cuart déanta ag an máirnealach agus é ag imtheacht aris dubhart sé go raibh pota óir ina leithid seo d'ait sa mbaile istig i leachta dúbhairt sé a bhí sé. Annsin dúbhairt se leis sul dteigheadh sé ar a thóir an chaora a bfearr a bhí aige a mharbú agus salann a cur uirrí. Nuair a bhéadh an chaora réidh teine a dhéanamh ar taobh na gaote de'n leachta agus an chaora a cuir ar bruch uirrí. Bhí go maith dimtigh an máirnéalac agus thug sé a aghaidh ar a mbaile. Nuair a tháinigh sé abhaile rinne sé mar dúbairt an Lothlainnach leis. Marbhuigh sé an caora. Cuir se salann uirrí d'faduigh sé an teine ar taobh na gaoithe de'n leachta agus chuir se an caora ag a bruach. Annsin chuaidh sé féin i bhfolach. Ní raibh an caora i bhfad ar an bruch Nuair a tháinigh an cat ba mhó da bhfaca sé ariamh aníos as a leachta agus thosugh sé ag ithe an caora. Nuair a bhí an caoire ithte aige chuaidh se síos go dtí an loch agus thosuigh air ag ól uisge gur pléasg sé agus cuaidh ina lasair dearg(continues on next page)
- Collector
- Brighidh Ní Flaithbheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Mógáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway