School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 012
  3. XML “Scéalta faoi Chistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó sa t-sean-aimsear. Aon oidhche amhain tháinig bríongloid aige go raibh póta óir le fagháil faoí leic aige, agus tháinig An bhriongloid sin aige trí oidhche in dhiaidh a chéile. Lá'r nabharach chuaidh an fear amach ag cuartú an phóta óir. Bhí sé ag siubhal suas le míle, sa deireidh tháinig sé ag an áit. Bhí an póta óir annsin ag an leac agus fuair sé é. Tháinig sé abhaile aríst agus níor labhair sé ar chor ar bith ar an bpóta óir. Faoí cheann tamaill chuaidh sé amach aríst agus chuaidh sé síos ins an ngarrdha agus rinne sé póll. Annsin chuir sé an tór síos ann agus tháinig sé abhaule aríst. Níor innis sé faoí'n tór do aon duine beo. Annsin nuair a bhí sé ag druidim amach in aois, bhí imnidhe ag teacht aige don phóta óir. Blian sul a bhfuair sé bás, lá dubhairt sé le na mac é thabhairt amach ar an bhfairrge. Ní riabh fhios ag an mac beirthe na beo cé'n gnáithe a bhí ag a athair amach ar an bhfairrge. Mar sin féin fuair sé bád agus thug sé an sean fhear amach ar an bhfairrge. Bhí an sean fhear caoch agus ní raibh fhios aige cé raibh a mhac da tabhairt. Ní raibh an mac ach ag seoladh an bháid anonn agus anall san áit a traigheadh sé aríst. Nuair a cheap an sean fhear go raibh sé sáthach fada
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Informant
    Beartlaigh Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway