School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 005
  3. XML “Scéalta faoi Chistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Ní raibh an leath-pinghinn rúa aige acht ag dul thart cruinú bídh o chuile dhuine. Bhí driotháir aige agus bhí sé an t-saidhbhir agus ní thuibhradh sé greim lé n-ithe dhó. Is iomdha oidhche a chuaidh sé a codhladh i na throsgadh. Bhí sé aon oidhche amháin thar eis dul a chodhladh. Ba geárr gur airigh sé duine ag bualadh an dorais. Deirigh sé agus leig sé isteach é. Ba fear siúbhail a bhí ann agus bhí sé ag iarraidh lóistín aran bhfear bocht. D'fhan sé an oidhche sin san teach agus chuaidh an beirt a codhladh. Nuair a dhúisigh siad ar maidin dubhairt an fear siúbhail go raibh sé ag brionglóid go bhfuair sé pota óir. Bhí an fear bocht ag brionglóid go bhfuair sé fhéin an rud céadhna. Dubhairt siad le chéile go mba cheart dhóibh a bheith ag síubhal no go bhfuigheadh siad é. Tosuigh siad an lá sin ag imteacht rómpa gan fhios acú cá raibh siad ag dul. Nuair a bhí an fear bocht dá lá ag siúbhal connuic sé teach ar leath-taobh an bhóthair. Chuaidh sé isteach ann agus bhí fear agus bean in a suidhe cois na tine. D'éirigh fear an tighe agus chuir sé fáilte roimhe. Fuair sé a suipéar agus d'the sé a dhóithin. Dubhairt fear an tighe leis nach riabh aon áit aige in teach fhéin acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Antoine Ó Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Informant
    Pádhraic Ó Ceannabháin
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway