School: Ballinafad
- Location:
- Ballinafad, Co. Galway
- Teacher: Mrs Ruane
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballinafad
- XML Page 247
- XML “Scéaltaí Grinn”
- XML “Scéaltaí Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sgéal
Bhí bean ag déanamh pota leite uair agus nuair a thosuigh sé ag fiucadh bhí sí dhá chorruigh le maide pota é agus léim cuid de suas in a héadan agus dhóigh sé é. Rug sí ar an tslú agus thóg sí cúpla splannca dhearg as an teine agus chaith sé isteach sa bpota é. "Anois a diabhail" ar sise má dhóigh tusa mise, dóighfidh mise tusa. - Timpeall dhá fhicead bliadhain ó shoin, bhi fear óg i mBéal-an átha-fada agus chuir a mháthair chun an aonaigh é ag díol stumpa de bullán leis an gcíos a íoch. Chuaidh sé chun an aonach agus dhíol sé an bullán. Thug sé spéis mór do chailín óg ag an aonach agus dfiafruigh sé dhe an bpósfadh sí é. Dúbhairt sí go bpósfadh. Chuaidh an cúpla suas go dtí an sagairt agus phósadar. Ceithre punt a fuair sé ar an mbullán agus ceithre punt a thug sé don tsagairt.
"Bíodh an clampar ag an gcíos tá an bhean agamsa anois" ar seisean agus ní(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Ballinafad, Co. Galway