School: Ballinafad

Location:
Ballinafad, Co. Galway
Teacher:
Mrs Ruane
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballinafad
  2. XML Page 235
  3. XML “Na Dathanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Seo iadh na dhathann abhí acha fadhó agus tá sé ag cuidh aca fós, seo ceann aca Creácthaí tugann sé dath donn air an olann, fásann siadh amuigh san gáirdhín agus bhíonn bláthanna buidhe ortha agus níl aon mhaith ionnta mara mbidh na bláthanna ortha mar is as an bhláth a thagann an shugh agus sin é an rudh a chuireas an dath ar an olann.
    Seo cheann eile Srath-Cloch fásann sé ar clocha agus cuirtear sios ag bruithe é agus an shugh a thagas as sin, cuirtear sios ar olann e agus tugann sé sin dath liath air agus ní fhaca do dhá shúíl ariamh dath chomh deas leis.
    Seo ceann eile, "lochrann" bhíonn bláth buidhe air agus cuirtear an t-olann agus an bláth sios éinfeacht agus tugann sé dath buidhe ar acht caitheann sé an lá ag bruith. Seo ceann eile búrr an Fhraoigh a fhághail san Samhraidh nuair abhíonn an bláth air agus é a bhruith leis fhéin ar dtús agus an sugh thagas as sin bíonn dath cineál glás air cuirtear é sin sios leis an olann arís agus bhíonn sé ag bruith ar feadh dhá uair an chluigh tugann tú anios annsin é agus nigheann tú é agus bíonn dath glás air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish