School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn

Filter stories

Back
/ 189 Forward
Resolution: Low | High
Ag Déanamh Maistreadh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 177

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

I gcuinneóig déantar máistre.
Cuirtear an t-úachtar isteach inntí agus luithne le na bhualadh. Cuideochadh an teas leis an máistre a dhéanamh, sin é fáth a gcuirtí na splancracha faoi an gcuinneóig agus ní le pisreóga. Nuair tá an t-im cruinnighthe ar úachtar an bháinne tóigtear as an mbláthaigh é, níghtear é, cuirtear salann air agus déantar rollaí de.
Ma thagann duine isteach nuair tá máistre 'ghá dhéanamh cuireann sé a lamh ar an luithne ionnus nach ndéarfaidhe gur thug sé an t-im leis ó'n mbainne. Uair sa t-seachtmhain déantar an máistre. Bean a 'tighe a dhéanann é de gnáth. Cuid de na daoine nuair tádar ag glánadh an cuinneóig cuireann siad clochaí deasa as an gcladaigh sa teine agus nuair tádar dearg cuireann siad sa gcuinneóig iad le bolladh deas do chuir air.
Is éasgaidh máistre a dhéanamh sa samhradh acht ní mór uisge te a chur ann sa ngeimhreadh le é a dhéanamh.

Collector
Máire Ní Dhonnchadha
Gender
female
Address
Scrahallia, Co. Galway
Informant
Cáit Ní Dhonnchadha
Gender
female
Age
43
Address
Scrahallia, Co. Galway
Language
Irish